Gaeilge

Cén fáth, cad chuige, nó cad ina thaobh nach bhfuil an suíomh iomlán seo as Gaeilge, a deir tú? Nach gaeilgeoir tú, agus iriseoir trí Ghaeilge, agus nar tugadh an mórchuid de do scoilíocht duit trí Ghaeilge, agus…?

Bhuel is fíor na rudaí sin, ach fós féin níl aon ghá bheith chomh chantalach droch-bhéasach sin! (Cé tusa le ceisteanna mar sin a chur, ar an chaoi? Agus muidne anseo ar mo shuíomhsa…).

Tá sé i gceist agam leagan Gaeilge a bheith agam den suíomh, agus cuntas twitter trí Ghaeilge, agus tuilleadh Gaeilge in áiteanna eile nach smaoineofá orthu fiú. Idir an dá linn, áfach, níl agam ach an Béarla. Agus má chuireann sé sin isteach ort, is beag rud atá agat le bheith feargach faoi.

Diarmuid

29.12.2011